Ionad Lae Capuchin ag cuidiú leo seo atá ag streacháilt sa phríomhchathair


Táthar ag tabhairt dearbháin do dhaoine i mbliana le cuidiú leo
Tháinig méadú de 15% ar a laghad ar líon na ndearbhán a thugtar dóibh siúd atá ar an ghannchuid go bliantúil i mbliana, i gcomparáid le figiúirí na bliana anuraidh, in Ionad Lae Capuchin, i mBaile Átha Cliath.
Tuigtear go bhfuil an t-ardú leanúnach ar chostais mhaireachtála agus deacrachtaí tithíochta ar na cúiseanna ab ba mhó acu siúd a bhfuil cuidiú de dhith orthu i mbliana.
Dúirt an Dearthair Kevin Kiernan go mbeidh go leor bia a dhobháil ar dhaoine i mbliana chomh maith.
Tá idir óg agus aosta ag fáil cuidithe ó Ionad Lae Caphuchin. Tugann an ionad lae cuidiú de dhaoine i rith na bliana ach bíonn níos mó brú orthu ag am na Nollag.