Inis Mara - a chéad leabhar foilsithe ag an gcraoltóir cumasach Tristan Rosenstock

Tristan Rosenstockplaceholder image
Tristan Rosenstock

Éabha laoch an leabhair agus tá go leor le foghlaim ag déagoirí na haoise seo uaithí

Tá a chéad leabhar, Inis Mara, díreach foilsithe ag an gcraoltóir cumasach agus láithreoir, Tristan Rosenstock le LeabhairComhar. Is í Éabha laoch an leabhair agus tá sí ag iarraidh a hoileán a thabhairt slán ó cheannaire cam.

Ta cúrsaí athrú aeráide i gceist sa leabhar chomh maith agus tábhacht na fírinne. Bhunaigh Tristan laoch an scéil ar a dheirfiúr Éabha, a cailleadh go tobann anuraidh.

Dúirt Tristan gur bean ábalta a bhí intí a throid, go cruaigh, i gcónaí ar son an mhéid a chreis sí ann ó aois óg. Bhíodh a dheirfiúr ag peannadóireacht go minic faoi rudaí a chreid sí ann agus feictear rían de seo i laoch Inis Mara. 

Tá leabhar úr Tristan dírithe ar pháistí ó aois 10 - 14.

Tá leabhar an chumadóir agus maistreas Sadhbh Rosenstock Teach Teidí dírithe foilsithe chomh maith. Leabhar de pháistí ó aois 3 - 8 agus neart ceoil ann chomh maith. Tá neart ceoil, rannta agus spraoí le baint as an leabhar seo agus is cinnte go mbeidh sé ina chuidiú mhór do thuismitheoirí go háiríthe iad seo ar mhaith leo Gaeilge a bheith ag a gcuid páistí. Tá neart taithí ag Sadhbh ar a bheith ag scríobh agus ag cumadh ceoil de scolairí beaga, óga. 

Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice