Imscrúdú seolta tar éis mór-urghabháil drugaí i Loch Garman


TÁ IMSCRÚDAITHE ar siúl tar éis urghabháil shuntasach drugaí i gContae Loch Garman.
Mar chuid de chomhoibríocht idir Biúró Náisiúnta an Gharda Síochána um Dhrugaí agus Coireacht Eagraithe (GNDOCB) agus Seirbhís Custaim na gCoimisinéirí Ioncaim, urghabhadh 27kg de channabas luibhe Dé Céadaoin.
Níl aon sonraí breise eisithe go poiblí ach dheimhnigh na Gardaí go bhfuil luach sráide measta os cionn €540,000 ag na drugaí.
Níl aon ghabháil déanta agus tá imscrúduithe ar siúl.
