Imeacht Líonra Oidhreachta Dhún na nGall i nDun Luíche

Dunlewey and Errigal a spectular venueplaceholder image
Dunlewey and Errigal a spectular venue

Beidh deis ag daoine eolas a roinnt le chéile

Beidh Ionad Pobail Dhún Lúiche, i gcomhpháirtíocht leis an Comhairle Oidhreachta a óstáíl imeacht Líonra Oidhreachta Dhún na nGall ar Márta 25 ag 11rn.

Má tá baint agatsa le grúpa oidhreachta nó más rud é go bhfuil suim agat san oidhreacht agus stair áitiúil tá cuireadh agat a bheith leo fá choinne cupán tae agus comhrá. Deirtear gur seans ata ann le eolas a roinnt chomh maith.

Beifear ag cur ‘Suíomh Oidhreachta úr Dhún Lúiche’ i láthair, agus beidh deis ag grúpaí oidhreachta na tograí atá siad ag obair air, i rith na bliana, a chur i láthair.

Má tá suim agat cur i láthair a dhéanamh cuir ríomhphost chuig [email protected]

Beidh sólaistí éadroma ar fáil. Beidh deis ann páirt a ghlacfadh i siúlóid treoraithe thart ar Dhún Luiche i ndiaidh am lón.

Beidh táille de €5 a thógáil ag an doras ar an lá.

Cuir d'áit in áirithe anseo.

Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice