Imbhualadh marfach idir carr agus trucail i gcontae Maigh Eo

Déanfaidh imscrúdaitheoirí Imbhuailtí Fóiréinseacha an Gharda Síochána a scrúdú ar an láthair ar maidin.placeholder image
Déanfaidh imscrúdaitheoirí Imbhuailtí Fóiréinseacha an Gharda Síochána a scrúdú ar an láthair ar maidin.

Glaodh ar na seirbhísí éigeandála chuig láthair timpiste marfach i gcontae Maigh Eo.

D'fhreastail gardaí ar an láthair, ag an N60 ag Gort an Éadain, a tharla tamall gairid roimh mheán oíche Dé Céadaoin, an 1 Feabhra. 

Tharla an t-imbhualadh idir trucail altach agus carr, thart ar 11.50pm ar an mbóthar idir an Balla agus Clár Chlainne Mhuiris.

Fógraíodh go raibh an bheirt fhear a bhí sa charr ina 20í, marbh ag an láthair. 

Tugadh tiománaí na trucaile, a bhí ina 30í, go hOspidéal Ollscoile Mhaigh Eo mar réamhchúram.

Tá an bóthar dúnta faoi láthair agus atreoruithe áitiúla i bhfeidhm. 

Tá Gardaí ag achainí ar fhinnéithe theacht chun tosaigh agus iarrtar ar aon úsáideoirí bóithre a bhfuil píosaí físe acu (dash cam san áireamh) a chur ar fáil dóibh.

Iarrtar ar aon duine a bhfuil eolas acu teagmháil a dhéanamh le Stáisiún Garda Chaisleán an Bharraigh 094 903 8200, Líne Rúnda na nGardaí ar 1800 666 111 nó aon stáisiún Gardaí.

Related topics:
Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice