Iarrtar ar rothaithe a bheith cúramach mar go bhfuil an t-am ag athrú


Athróidh an t-am ar Deireadh Fómhair 29 agus táthar ag iarraidh ar rothaithe a bheith cúramach agus iad amuigh ar na bóithre.
Deir cycleguard, comhlacht árachais do rothaíthe, go mbeidh coinníolacha éagsúla i rith aimsir an Gheimhridh agus go bhfuil géar ghá go mbeadh rothaithe ar an eolas fúthú.
Dúirt bainisteoir margaíochta cycleGuard, James Whitten, gur bhfiú do dhaoine a gcuid rothaí a dhéanamh reidh don gheimhreadh agus go bhfaighidh siad tamall níos faide astu.
Deir siad gur bhfiú rothair a ghlanadh i ndiaidh a bheith amuigh orthu. Anuas ar sin, is fiú go mór pludghardaí a chur ar do róthar muna bhfuil siad orthu.
Maraon le carranna is fiú amharc ar na rothair atá ar do rothair agus rudaí úra atá foirstineach don gheimhreadh a chur orthu.
Is fiú fosta cinnte a dhéanamh go bhfuil na héadaí ceart ort agus tú amuigh sa dorachadas um thrathnóna.
Fuair tuilleadh eolais tré clickeáil anseo.