Iarrtar ar dhaoine cuairt a thabhairt ar dhaoine atá ina gconaí leo féin

placeholder image

Iarrann ALONE ar dhaoine a bheith airdeallach go bhfuil daoine ina gconaí leo féin an Nollaig seo i bpobail ar fud, fad na tíre

Tá ALONE, an carthanas náisiúnta a thugann lámh chuidithe do dhaoine atá aosta ag iarraidh ar dhaoine smaointiú orthu seo atá leo fhéin an Nollaig seo. 

Déanfaidh oibrithe deonacha ALONE thar 1,000 dinnéir Nollag a sheachadadh ar fud na tíre do dhaoine  an Lá Nollag seo.

Beidh oibrithe deonacha ag obair 33,000 uair an Nollaig seo le cuidiú leo seo atá aosta agus leo féin. 

Chuir foireann ALONE breis agus 11,000 glaoch ar dhaoine le feiceáil cáide atá de dhith orthu an Nollaig seo agus le cinntiú go bhfuil gach riachtanais acu atá uatha. 

Tá duine as ceathrar ina conaí leo féin agus de bhrí sin tá an carthanas ag iarraidh ar dhaoine seiceáil orthu seo atá leo féin ina bpobail. 

Le tuilleadh eolais a fhail cur scairt ar ALONE idir 8in – 8pm ar 0818 222 024 nó go chuig www.alone.ie.

Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice