Iarrtar ar dhaoine a bheith faicheallach agus ardú tagtha ar chásanna noraivíreas


Ardú suntusach tágtha ar líon na gcásanna noraivíreas i mbliana
Tá an Lárionad Faire um Chosaint Sláinte ag iarraidh ar dhaoine a bheith faicheallach i dtaca leis an noraivíreas.
Tá méadú tagtha ar líon na gcásanna noraivíreas i mbliana.
Aimsíodh a ceithre oiread cásanna noraivíreas idir tús mhí Eanair agus lár mhí Mhárta ná mar a aimsíodh san tréimhse chéanna anuraidh.
Daoine thar 65, is mó atá buailte leis an vireas agus páistí óga.
Dúirt an dochtúir Dr Paul McKeown go bhfuil an vireas iontach furast a spéadh ó dhuine go duine.
Iarrtar ar dhaoine a lámha a ní go maith agus go minic. Iarrtar ar dhaoine atá tinn leis an noraivíreas fanacht sa bhaile, gan a dhul amach ag obair agus scairt a chur ar an dochtúir sula dtéann siad chuig an clinic.
Dúirt an dochtúir Dr Paul McKeown nach maireann an tinneas ach ar feadh lá nó dhó leo seo atá i sláinte mhaith ach go bhféadfadh an tinneas fanacht ní ba fhaide leo seo atá leochaileach.
Is féidir níos mó eolais a fháil faoi an noraivíreas anseo.