Iarrfar ar chuairteoirí an naomh ab ansa leo a ainmniú ag an chomórtas náisiúnta treabhdóireachta


Tugtar cuireadh de chuairteoirí chuig seastán 326 ag an gComórtas Náisiúnta Treabhdóireachta i Ráth an Uisce, Contae Laoise, ainmniúchán a thabhairt don naomh ab anseo leo, i mbliana.
Tá an cheist á chur ag an Easpag Denis Nulty as Cill Dara agus Leithghlinn - an deoise a reáchtálfar an Chraobhchomórtais Treabhdóireachta ann ar feadh 3 lá ón 19 - 21 Meán Fómhair.
"Tá mé ag súil go n-ainmneoidh daoine naoimh as gach cearn den domhan, naoimh a mbíonn siad ag guí chucu go laethúil nó in am an ghátair, nó b’fhéidir, an naomh a bhaineann lena gceantar,’ a dúirt sé.