Iarrachtaí ar bun ag lucht na Róimhe luchógaí móra a ghlanadh as an Colosseum


Tá sé ráite ag rialtas cathrach na Róimhe go bhfuil cuid mhór luchógaí móra sa cheantar agus go bhfuil iarrachtaí idirlámha dhul i nghleic leis an fhadhb.
Ghlac turasóirí griangrafanna do na luchógaí móra in aice leis an amfaitéater ársa agus chur siad in airde iad ar na meáin shosíalta ar na mallaibh iad.
Dúirt an te atá thar cheann cruinniú bruscair sa chathair, Sabrina Alfonsi, le Adnkronos, go bhfuil iarrachtaí ar bun acu ó oíche hAoine dhul i nghleic leis an fhadhb.
Leanfaidh an obair ar aghaidh an tseachtain seo chugainn a dúirt rialtas na cathrach i ráiteas.
Tá timpeall seacht milliún francach sa chathair, a dúirt an ráiteas.