Iarrachtaí a dhéanamh reachtaíocht a chur i gcrith ó thaobh sábháilteacht ar bhóithre


Tástáil drugaí ar na bacáin de thionánaithe atá i dtaismí bóithre
Dúirt an Aire Jack Chambers go bhfuil sé ag iarraidh tástáil éigeantach drugaí á thabhairt isteach ar thiománaithe a bhfuil baint acu le himbhuailtí tromchúiseacha.
Níl ach tástáil éigeantach alcóhól éigeantach ar thiománaithe a bhfuil baint acu le taismi ar bhóithre, i láthair na huaire.
Dúirt an tAire go bhfuil drugaí chomh tromchúiseach le alcóhól chomh fada agus a thagann sé le timpistí bóithre agus d'iarr sé go mbeadh an reachtaíocht curtha i gcrith go luath.
Beifear ag plé an reachtaíocht agus na hathraithe ag an chéad chruinniú eile a bheas ag na hairí ar shabháilteacht bóithre.
Dúirt an Tánaiste, Micheál Martin, an tseachtain seo go bhfuil fianaise ann a léiríonn go bhfuil taghta ar an lion daoine atá ag tógáil drugaí agus iad i mbun tiomána ach go bhfuil eisceacht san dlí ag baint leis seo.
Dúirt an tAire Eamon Ryan, ar Morning Ireland, go bhfuil rún ag an Rialtas an dlí a athrú i dtaca le tógáil drugaí agus a bheith ag tiomaint chomh maith leis an luasteorainn ar bhealtaí. Dúirt sé go dtógann a léithid de obair am lena dhéanamh.