Iarracht a dhéanamh aird a tharraint ar leitheoireacht na Gaeilge


Tá na físeáin Léamh le Chéile i ndiaidh a bheith seolta ag na hAirí Roderic O’Gorman agus Heather Humphreys le iarracht a dhéanamh tacaíocht a thabhairt do léitheoireacht na Gaeilge.
Seo taifeadtaí de na leabhair Ghaeilge ó Mo Leabharlann Bheag atá ar fáil saor in aisce ó
leabharlanna do pháistí ag toiseacht ar scoil i 2023.
Tá na leabhair ar fáil ó gach leabharlann phoiblí sa tír. Tá málaí leabhar Béarla agus Gaeilge ar fáil.
Anuraidh, chruthaigh Seirbhís Leabharlainne Dhún na nGall gluaiseanna agus físeáin dírithe
ar thuismitheoirí nach mbeadh Gaeilge á léamh acu de ghnáth.
I mbliana, tá na físeáin agus gluaiseanna ar fáil ar bhonn náisiúnta. Tá trí leabhar léite ag
Caoimhe Ní Chathail as Leitir Ceanainn. Thig leis na físeáin a fheiceáil anseo
Le tuilleadh eolais a fháil faoi Mo Leabharlann Bheag www.donegallibrary.ie.