Gradam Cumarsáide CLG bainte ag clár fáisnéise fá Ógie Ó Dufaigh

Chuir Michelle Nic Grianna an clár i láthair agus is é Dónall Mac Ruairí a léirigh an clár
D'éirigh le clár a craoladh faoi bhás Ógie Ó Dufaigh a craoladh ar Bharrscéalta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta Gradam na Gaeilge a bhaint i gcomórtas Gradaim Mhic Con Míche, gradaim chumarsáide CLG.
Maraíodh Brendan 'Ógie’ Ó Dufaigh, 19, i dtaisme bóthair ar Iúil, 16, 2021. Bhí aithne mhaith ar Ógie i nDún na nGall de bharr an ceangal atá ag a theaghlach leis an cheantair.
Is í Michelle Nic Grianna a chur an clár i láthair agus is é Dónall Mac Ruairí a léirigh an clár.
Bronntar Gradaim CLG Mhic Con Mídhe ar bhonn bliaintúil agus tugann sé aitheantas don sar-obair atá ag an Chumainn Lúthchleas Gael i réimsí na cumarsáide, caidrimh phoiblí agus na hiriseoireachta.
Bronnfar na Gradaim uilig ag ócáid i bPáirc an Chrócaigh i Mí Dheireadh Fómhair.
Tá an láthreoir Michelle Nic Grianna ainmnithe le haghaidh gradam Pearsa na Bliana agus tá sí féin agus Damien Ó Donaill ainmnithe le haghaidh gradam Craoltóir Solabhartha na Bliana ag gradam Cumersáide an Oireachtais.
Bronnfar na Gradaim Chumarsáide le linn Oireachtas na Samhna ag searmanas speisialta a bheidh ar siúl Céadaoin na féile, Samhain 1, 2023, san INEC i gCill Airne, Contae Chiarraí.