Gradaim na Gaeltachta ar na bacáin le haitheantas a thabhairt de thógraí pobail

placeholder image

"Is deis í seo aitheantas a thabhairt don obair cheannródaíoch atá ar  bun ag eagrais forbartha pobail ar fud na Gaeltachta ar mhaithe lena bpobail a chur chun cinn, an Ghaeilge a neartú, seirbhísí a fhorbairt agus fostaíocht a chruthú"

Tá Údarás na Gaeltachta ag reáchtáil comórtas náisiúnta do thograí pobalbhunaithe, Gradaim na Gaeltachta, chun aird an phobail a tharraingt ar an obair mhór atá á déanamh ag eagraíochtaí forbartha pobail sa nGaeltachta agus le haitheantas a thabhairt do na tograí fiúntacha agus suimiúla atá á gcur chun cinn ar fud na Gaeltachta.

Beidh catagóir éagsúla sa gcomórtas a bhaineann le forbairt pobail agus teanga sa Ghaeltacht, ina measc an fhiontraíochta shóisialta, turasóireacht, timpeallacht, seirbhísí sóisialta pobail, obair na gcoistí pobail agus an óige.

Beidh aird ar leith sa bpróiseas moltóireachta ar chúrsaí teanga agus ar chumas na dtograí an Ghaeilge a neartú agus a chur chun cinn.

Dúirt Rónán Mac Con Iomaire, Stiúrthóir Forbartha Pobail Réigiúnaí agus Pleanála Teanga Údarás na Gaeltachta: “Is deis í seo aitheantas a thabhairt don obair cheannródaíoch atá ar  bun ag eagrais forbartha pobail ar fud na Gaeltachta ar mhaithe lena bpobail a chur chun cinn, an Ghaeilge a neartú, seirbhísí a fhorbairt agus fostaíocht a chruthú. Scaití is obair í a déantar go ciúin agus i ngan fhios. Feictear dúinn go bhfuil sé tábhachtach meas a léiriú ar an méid atá á dhéanamh agus a chinntiú go mbíonn eolas ag pobal na Gaeltachta ar na tograí breátha atá á bhforbairt ina gceantar féin”

Dúirt Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Tomás Ó Síocháin: “Is cuid lárnach de mhisean Údarás na Gaeltachta atá sa tacaíocht a thugann muid do eagraíochtaí forbartha pobail. Ta na heagraíochtaí seo ag croí-lár phobal na Gaeltachta ar fud na tíre le fada an lá.

"De réir mar a tháinig athrú ar riachtanais an phobail ar an bhfuil siad ag freastal, tá glactha go fonnmhar ag na heagraíochtaí seo le athruithe ar a réimse oibre féin, tá siad ag plé anois le tograí in earnálacha nach smaoineofaí fiú orthu fiche bliain ó shin. Agus ár ndóigh, is iad na heagraíochtaí pobail-bhunaithe atá ag tiomáint an phróisis pleanála teanga i go leor Limistéir Pleanála Teanga, murach iad, bheadh sé an-deacair ag an státchóras an próiseas sin a fhorbairt agus a bhrú chun cinn. Tá mé an-sásta go dtabharfaidh Gradaim na Gaeltachta an deis dúinn a gcuid oibre agus an dul chun cinn atá á dhéanamh ag na heagraíochtaí forbartha pobail a cheiliúradh."

 

Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice