Gradaim Aitheantais Gaeilge bronnta ag Ollscoil na Gaillimhe ar scoláirí an Teastais Shóisearaigh


"Ba cheart go mbeadh sibhse an-bhródúil asaibh féin. Is léir gur scoláirí eisceachtúla sibh, a bhfuil sárchumas sa Ghaeilge agaibh, agus is údar misnigh dúinne é go bhfuil bhur leithéid ann, agus go bhfuil todhchaí na Gaeilge slán”
Tá Gradaim Aitheantais bronnta ag Ollscoil na Gaillimhe ar scoláirí ar éirigh leo pas le gradam, idir 90% agus 100%, a bhaint amach i scrúduithe ardleibhéil Gaeilge an Teastais Shóisearaigh.


Áirítear na scoláirí seo i measc an 2.6% de scoláirí na tíre ar éirigh leo pas le gradam a bhaint amach sa pháipéar ardleibhéil T2 Gaeilge go náisiúnta, nó an 3.6% de na scoláirí a bhain pas le gradam amach sa pháipéar ardleibhéil T1 Gaeilge sa Teastas Sóisearach in 2022.
Chuir Uachtarán Ollscoil na Gaillimhe, an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh fáilte chroíúil roimh na scoláirí agus a dteaghlaigh, agus rinne sé comhghairdeas leis na príomhoidí agus leis na múinteoirí a bhí i láthair ón 36 scoil ar a bhfuil na scoláirí ag freastal freisin, agus é ag tabhairt aitheantais dóibhsean as an dea-obair atá ar bun acu féin sna scoileanna: “Tá mé chomh sásta go bhfuil ar ár gcumas ómós a thaispeáint don chéad ghlúin eile Gaeilgeoirí, i bhfianaise go bhfuil an Ghaeilge chomh tábhachtach dúinn ar fad anseo san Ollscoil agus go bhfuil an Ghaeilge chomh lárnach inár bhféiniúlacht.”
Bhí an méid seo le rá ag an t-Ollamh Pól Ó Dochartaigh, Uachtarán Ionaid agus Meabhránaí Ollscoil na Gaillimhe agus é ag tréaslú leis na scoláirí: “Ba cheart go mbeadh sibhse an-bhródúil asaibh féin. Is léir gur scoláirí eisceachtúla sibh, a bhfuil sárchumas sa Ghaeilge agaibh, agus is údar misnigh dúinne é go bhfuil bhur leithéid ann, agus go bhfuil todhchaí na Gaeilge slán.”
Aithnítear an tábhacht a bhaineann lena chinntiú go mbeidh pobail bhisiúla Ghaeilge sa Ghaeltacht agus taobh amuigh den Ghaeltacht i gcéad straitéis Ghaeilge na hOllscoile, Straitéis na Gaeilge 2021-2025, a seoladh i mí Iúil 2021. Tugadh aitheantas do na pobail sin ag an ócáid cheiliúrtha seo agus an Ollscoil ag déanamh cúraim don ról a chuir sí roimpi sa Straitéis, ó thaobh ceannasaíocht a thabhairt don ardoideachas i nGaeilge agus meas a léiriú ar lucht labhartha na Gaeilge.