Glioscarnach na Gaeltachta sa Teach Bán ar Lá Fhéile Pádraig

The White House.placeholder image
The White House.

Dhá chomhlacht as Gaeltacht Chiarraí atá ag glioscarnach sa Teach Bán mar chuid d’imeachtaí Lá Fhéile Pádraig 2023

Dhá chomhlacht as Gaeltacht Chiarraí atá ag glioscarnach sa Teach Bán mar chuid d’imeachtaí Lá Fhéile Pádraig 2023.  Is iad Dingle Crystal, cliantchomhlacht de chuid Údarás na Gaeltachta, a rinne an babhla criostai don bhronnadh seamróige ar Uachtarán na Stát Aontaithe an tUasal Joe Biden sa Teach Bán i Washington. 

Is as Baile an Sceilg a tháinig an seamróg sa mbabhla agus is cliantchomhlacht eile de chuid an Údaráis, IPI Teoranta. a chur ar fáil é, comhartha ar ardchaighdeán ár dtáirgí Gaeltachta agus an t-omós a thugtar dóibh ar fud an domhain. 

Is cliantchomhlacht de chuid Údarás na Gaeltachta iad Dingle Crystal, a bhfuil a gcomhlacht ceardaíochta lonnaithe i nDaingean Uí Chúis ón mbliain 1999. Tá úinéir Dingle Crystal, Seán Daly, beagnach leathchéad bliain i mbun na ceirde agus tá sé thar a bheith bródúil as go bhfuil an comhlacht ar cheann de na comhlachtaí criostail deireadh a dhéanann an criostal a dhearadh agus a ghearradh le lámh, agus go bhfuil siad ag tabhairt an traidisiúin ceardaíochta seo ar aghaidh chuig an gcéad ghlúin eile.  

Le beagnach tríocha bliain, is seamróg as Baile an Sceilg a bhronntar ar uachtarán Mheiriceá go traidisiúnta gach Lá’l Pádraig.

Thréaslaigh Tomás Ó Síocháin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta an scéal leis an dá chomhlacht:“Ar an lá speisialta seo, nuair a bhíonn aird an domhain ar scéal na hÉireann sa mbaile agus thar sáile, tá ríméad orainn go bhfuil táirgí Gaeltachta den scoth ar an stáitse domhanda agus an dá chomhlacht breá seo ag cothú nasc idir An Ghaeltacht, Éire, Stáit Aontaithe Mheiriceá agus Diaspóra na Gaeltachta ar fud na Stát Aontaithe agus an domhain mhóir.  Léiríonn ról lárnach na dtáirgí bréatha Gaeltachta in imeachtaí na Féile Pádraig an caighdeán táirge atá á chur ar fáil ag ár gcomhlachtaí maithe, le lán-tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta.”

Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice