Glao ar iarratais ar dheontais bheaga d’imeachtaí le haghaidh Oíche Chultúir 2023

Oíche Chultúir i mBaile Átha Cliath, 2022placeholder image
Oíche Chultúir i mBaile Átha Cliath, 2022

AG FILLEADH don ochtú bliain déag, reáchtálfar Oíche Chultúir Dé hAoine, 22 Meán Fómhair 2023, agus tá An tOireachtas, i gcomhpháirt le hOíche Chultúir, ag glacadh le hiarratais d’imeachtaí Gaeilge ar Oíche Chultúir 2023.

Beidh fáilte ag An tOireachtas roimh iarratais ar na téamaí seo a leanas ach níltear ag cur ealaíona eile as an áireamh ach oiread: Na Taibhealaíona Teangabhunaithe; Damhsa, Ceol; Na hAmharcealaíona; Ceardaíocht; Litríocht: Dioscúrsa; Turas; Oidhreacht & Scannán. Is é meán lae, Dé hAoine, 16 Meitheamh 2023, an spriocdháta d’iarratais. 

 

Is í an aidhm atá ag An tOireachtas ná freastal ar ghréasáin úsáidte Gaeilge timpeall na tíre trí phacáiste tacaíochta a chur ar fáil do ghrúpaí atá lonnaithe taobh amuigh de cheantair Ghaeltachta chun iad a spreagadh le himeacht a reáchtáil trí Ghaeilge ar Oíche Chultúir.

Cuimsíonn an pacáiste tacaíochta na nithe seo a leanas: deontas le huasmhéid €250, ach féadfar cás a dhéanamh d’ócáidí eisceachtúla; agus poiblíocht ar na meáin shóisialta, náisiúnta agus áitiúla.

"Lionsa ar leith is ea Oíche Chultúir a bhíonn ar fáil dúinn chun ealaíona na Gaeilge agus cultúr na nGael a bheith feicthe i measc ealaíona agus cultúir eile a chónaíonn ar an oileán seo", a dúirt Máirín Nic Dhonnchadha, Ceannasaí an Oireachtais. 

"Deis atá ann ildánacht agus ilchineálacht ealaíne agus cultúir a aithint agus a cheiliúradh, chomh-mheas a léiriú agus comhthuiscint a dhreasú.

Fáiltímid anois roimh iarratais ar mhaoiniú d'ócáidí trí Ghaeilge a chuideoidh linn an deis sin a thapú."

Is féidir an fhoirm iarratais agus gach eolas eile a fháil ar láithreán gréasáin an Oireachtais, www.antoireachtas.ie.

Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice