Ghin daoine breis agus dhá thona dramhaíola anuraidh - comhionann le meáchan dhá charr


Plean úr ar na bacáin le dul i ngleic le fadhb bruscair na hÉireann
Táthar ag cuardach dearcadh an phobail i leith plean le fadhb bruscair na hÉireann a réiteach. Tá plean bainistithe dramaíola ar na bacáin agus plé a dhéanamh faoi cén dóigh is fearr le dealáil leis an fhadhb.
Anuraidh, gineadh os cionn 13.5 milliún tonna dramhaíola in Éirinn.
Ghin gach duine in Éirinn breis agus dhá thona dramhaíola ar an meán anuraidh - comhionann le meáchan dhá charr - rud nach bhfuil inbhuanaithe, dar leis an mBainistíocht Náisiúnta Dramhaíola.
Tá focás ar athchursáil agus athúsáid sa phlean úr. Tá sé phríomhsprioc ann, lena n-áirítear an aidhm 10kg d’acmhainní in aghaidh an duine a athúsáid go bliantúil.
Dúirt Kevin Swift, Comhordaitheoir Réigiúnach Dramhaíola Chonnacht agus Uladh go gcaithfear béim a chur ar athúsáid ábhair.
Beifear ag iarraidh teagasc dó dhaoine na dóigheanna cearta le boscaí bruscair a úsáid.
Tá an comhairliúchán poiblí oscailte go dtí Iúil 3 agus tá sonraí le maidir leis an phlean ag mywaste.ie