Gearrliostaí fógartha do ghradaim foilsitheoireachta Leabhar Gaeilge na Bliana 2023

PICTURE: PEXELSplaceholder image
PICTURE: PEXELS

D'FHOGAIR An tOireachtas, i gcomhar le Foras na Gaeilge, gearrliostaí Ghradaim Foilsitheoireachta Leabhar na Bliana Gaeilge beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, inniu, 15 Lúnasa 2023.

Tá trí chatagóir sna gradaim – Gradam Uí Shúilleabháin (Leabhar na Bliana do Dhaoine Fásta), Gradam Réics Carló (Leabhar na Bliana do Pháistí) agus Gradam de Bhaldraithe (Leabhar na Bliana d’fhoilseacháin aistrithe go Gaeilge).

Tá fiche leabhar san iomlán ar an ngearrliosta i mbliana – seacht sa chatagóir ‘Leabhar Gaeilge na Bliana do Dhaoine Fásta’; seacht sa chatagóir Leabhar do Pháistí agus sé cinn sa chatagóir do shaothair aistrithe.

Ar na naoi dTithe Foilsitheoireachta atá ar an ngearrliosta tá An tSnáthaid Mhór; Barzaz; Cló Iar-Chonnacht; Cló Léann na Gaeilge (CLÓ); Dalen Éireann; Futa Fata; Leabhar Breac; LeabhairCOMHAR agus Picnic Press. Tá sonraí iomlána na n-oibreacha ar fáil thíos.

“Is scileanna ilghnéitheacha é an fhoireann riachtanach chun leabhar a stiúradh go rathúil ar a thuras ó chéad dréacht an údair go lámha an léitheora”, a dúirt Máirín Nic Dhonnchadha, Príomhfheidhmeannach an Oireachtais, “agus tá an t-ádh linn go bhfuil an oiread sin foilsitheoirí ceannródaíocha ag tabhairt leabhair Ghaeilge álainne chuig an margadh.

Tréaslaím leis na Tithe Foilsitheoireachta atá ar ghearrliostaí na bliana seo chomh maith leis na húdair, na maisitheoirí, na heagarthóirí, na dearthóirí agus na haistritheoirí a bhí páirteach i bhfoilsiú na leabhar iontach seo ar fad.

Beidh an rogha ag léitheoirí le raon agus éagsúlacht na saothar a bheidh ar an ngearrliosta, ina measc úrscéalta, bailiúcháin aistí agus filíochta, pictiúrleabhair dár léitheoirí óga agus aistriúcháin bhreátha ó theangacha eile.”

Fógrófar buaiteoirí na ngradam ag searmanas bronnta ag deireadh mhí Mheán Fómhair 2023. Bronnfar ciste duaise de €17,000. Tá sonraí faoi gach foilseachán ar fáil ag www.antoireachtas.ie.

Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice