Gearóidín Breathnach mar aoi speisialta ag féile an Focal Beo

Is seanchaí agus amhránaí iomráiteach ó Rann na Feirste í Gearóidín agus is de theaghlach scéalaithe mór le rá í
Beidh Gearóidín Breathnach mar aoi speisialta Dé hAoine, an 5ú Bealtaine thuas staighre i The Cottage i ndiaidh béile na féile chun seisiún amhránaíochta agus scéalaíochta a sholáthar agus tús spleodrach a chur leis an fhéile úrnua An Focal Beo.
Is seanchaí agus amhránaí iomráiteach ó Rann na Feirste í Gearóidín, agus is de theaghlach scéalaithe mór le rá í. Mar chuid d’Oireachtas na Samhna 2019, bhain sí Corn Neidí Frainc Mhic Grianna i gcatagóir na scéalaíochta - ainmníodh an duais seo i ndiaidh a athar, an fear a spreag dúil sa scéalaíocht agus cultúr na hÉireann intí.
Ach ina theannta sin, tá bua an cheoil aici agus is amhránaí den chéad scoth í. Bhuaigh sí Corn Uí Riada ag Oireachtas na Gaeilge - an duais is tábhachtaí in Éirinn ó thaobh amhránaíocht ar an sean-nós de - sna blianta 1996 agus arís i 2004. Tá dhá albam lánfhada taifeadta aici chomh maith, Ar Fhoscadh na gCnoc (1997) agus Grá mo Chroí an Óige (2013), agus tá sí tiomanta do chur chun cinn na hamhránaíochta traidisiúnta Gaeilge agus an tseanchais Ghaelaigh.
Buail isteach chuig The Cottage ar Bealtaine 5ú, ar 21:00, go gcloisfidh tú na buanna as cuimse atá aici.