Gardaí ag iarraidh ar scolairí a bheas ag ceiliúradh anocht a bheith airdeallach

Deir gardaí le scolairí gan drugaí a thógáil, a bheith cineálta do cheile agus gan siúl leo fhéin san dorachadas

Tá Gardaí ag impí ar scolairí na hArdteiste i nDún na nGall súil a choinneáil ar a gcairde anocht agus iad i mbun ceiliúrtha. 

Fuair scolairí ar fud, fad na tíortha a gcuid torthaí inniu. 

Mhol gardaí cinntiú go bhfuil cuntas acu ar achan duine a chuaigh siad amach leo ag deireadh na hoíche.

Ar phost ar na meáin shóisialta, tugann siad rabhadh freisin do mhic léinn aire a thabhairt dá gcuid giuirléidí agus gan siúl leo fhéin in áiteanna dorcha. Iarrtar ar dhaltaí a bheith airdeallach faoina dtimpeallacht agus siúl amach ó dhuine ar bith atá ionsaitheach agus cuidiú a lorg, nuair is gá.

D'impigh na gardaí ar scolaraí gan drugaí mídhleathacha de chineál ar bith a thógáil. Iarrtar ar scolairí  a bheith cineálta de chéile ach go háirithe iad seo nach bhfuair na torthaí a bhí uathu.

Molann Gardaí do gach duine taitneamh a bhaint as an oíche agus sult a bhaint as. 

Related topics:
Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice