Gaelchara, scéim feabhsaithe teanga sa Ghaeltacht lár


Is deis iontach atá ann sult a bhaint as foghlaim na teangan
Tá scéim feabhsaithe teanga ar bun sa Ghaeltacht lár atá mar pháirt de Phlean Teanga na Gaeltachta láir.
Tá sé mar aidhm ag an scéim, Gaelchara, cainteoir líofa a chur i gcuideachta foghlaimeora le cumas teanga agus muinín an fhoghlaimeora a fhorbairt ionas go mbeidh siad ábalta an teanga a úsáid ar bhonn níos leanúnaí.
Dúradh gur modh neamhfhoirmeálta foghlama atá i gceist agus d’fhéadfadh na rannpháirtithe tairbhe a bhaint as caitheamh aimsire atá i gcoiteann acu, ar nós siúlóidí nó garradóireacht i measc gníomhaíochtaí eile le linn daofa a bheith ag foghlaim na teanga ar dhóigh thaitneamhach gan strus.
Cé acu foghlaimeoir nó cainteoir líofa thú, déan teagmháil le hAodh Mac Ruairí ag [email protected] nó 087 387 8027 le haghaidh foirm iarratais agus eolas breise.