Gaeilge a labhairt san Himalayan Cafe i Leitir Ceannain

Devlin Ní Chiardha, Róise Ní Dhomhnaill agus Laramie Ní Chiardhaplaceholder image
Devlin Ní Chiardha, Róise Ní Dhomhnaill agus Laramie Ní Chiardha

"Mar fhoireann, déanaimid ár sheacht ndícheall taithí speisialta, ilnáisiúnta a thairiscint don phobal trínár roghchlár bia agus dí den chéad scoth"

Anseo san “Himalayan Café” tá an t-ádh linn go bhfuil muid suite ar shráid cáiliúil i Leitir Ceanainn.

Mar fhoireann, déanaimid ár sheacht ndícheall taithí speisialta, ilnáisiúnta a thairiscint don phobal trínár roghchlár bia agus dí den chéad scoth.

Tá fáilte roimh chách theacht chugainn agus triail a bhaint as bia na hÁise. Tá roghanna clasaiceacha Éireannacha ar an mbiachlár chomh maith.

Mar chainteoirí dúchasacha Gaeilge, ceapann muid go bhfuil an-tábhacht le cleachtadh na Gaeilge a choimeád beo trí mheán na hoibre.

D’fhreastail muid ar an bhunscoil, Gaelscoil Adhamhnáin, agus ar mheánscoil Choláiste Ailigh, agus mar gheall air sin, tá muid iontach bródúil as cumas na Gaeilge atá againn.

Aithníonn muid an tionchar atá againn ar ár gcustaiméirí Gaelacha nuair a chuireann muid an cleachtadh seo chun tosaigh san áit oibre. Agus is deis iontach é dúinne an teanga a chleachtadh leis na daltaí a thagann isteach go laethúil.

Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice