Gabhadh gluaisteánaí tar éis dó a bheith ag taisteal ar luas lasrach ar Oíche Shamhna

GABHADH gluaisteánaí as tiomáint chontúirteach tar éis do ghardaí carr a fheiceáil ag taisteal ar luas lasrach ar Oíche Shamhna.
Bhí Aonad Póilíneachta Bóithre Thiobraid Árann ag déanamh seiceálacha luais san Aonach nuair a thug siad faoi deara go raibh an carr ag taisteal 175km/u i gcrios 100km/u.
Stopadh an carr agus gabhadh an tiománaí.
Tá imeachtaí le leanúint.
Bhraith GoSafe céad nócha trí luas iomarcach eile (as 119,870 feithicil) mar chuid d’oibríochtaí forfheidhmithe bóithre Lá Saoire Bainc inné.