Gabhadh fear i bPáras i ndiaidh do léimnigh le paraisúit as Túr Eiffel


Gabhadh fear i bPáras ar maidin i ndiaidh dó léimnigh le paraisúit as Túr Eiffel, a dúirt póilíní.
Dúradh gur dreapadóir le neart de thaithí a bhí san fhear. Chuaigh an fear isteach ag taobh an túr go luath ar maidin - tamall maith roimh oscailt oifigiúil an túr.
Thug gardaí fá déara é go gasta ach d'ainneoin sin, d'éirigh leis an fhear a bhealach a dhéanamh go barr an túr.
Nuair a tháinig sé chomh fada le barr an struchtúir atá 330-méadar ar airde, léim sé.
Tháinig an fear i dtír i staidiam áit ar ghabhadh na gardaí é de bharr gur chur sé saol daoine eile i mbaol, a dúradh.
Is é an Túr Eiffel an láthair turasóireachta is mó ráthairt i bpríomhchathair na Fraince. Mheall sé 5.9 milliún cuairteoir, i 2022.
De bharr an eachtra, cuireadh moill bheag ar oscailt an túr. An tseachtain seo caite, rinneadh daoine a chur amach as Túr Eiffel faoi dhó ar an lá céanna i ndiaidh foláirimh buama bréaga.
Agus ar an Luan, thángthas ar bheirt thurasóirí ó Mheiriceá ina gcodladh i ndiaidh oíche throm de bheith ag ól, in airde ar an túir, i ndiaidh gur éirigh leo lucht shlándála a sheachaint an oíche roimh ré.