Gabhadh duine tar éis urghabháil cannabais i dTuaisceart Bhaile Átha Cliath


MAR CHUID d’imscrúduithe leanúnacha a dhírigh ar choireacht eagraithe faoi Oibríocht TARA, rinne pearsanra atá bainteach le Biúró Náisiúnta an Gharda um Dhrugaí & Coireachta Eagraithe le tacaíocht ón Tascfhórsa Speisialta Coireachta oibríocht i dTuaisceart Bhaile Átha Cliath.
Ar an Aoine 26 Bealtaine 2023, le linn na hoibríochta rinneadh feithicil a idircheapadh i gceantar Bhaile Brigín go gairid tar éis 7in.
Le linn cuardaigh na feithicle urghabhadh 187 cileagram de luibh cannabais agus 30 cileagram de roisín cannabais.
Gabhadh fear amháin ina 20idí agus tá sé faoi choinneáil, faoi Alt 2 den Acht um Cheartas Coiriúil (Gáinneáil ar Dhrugaí) 1996, ag Stáisiún na nGardaí i dTuaisceart Bhaile Átha Cliath. Is féidir é a choinneáil ar feadh suas le seacht lá.
Meastar gurb é luach iomlán na ndrugaí a urghabhtar ná €3.92 milliún agus seolfar chuig an FSI iad le haghaidh anailíse.
Tá imscrúduithe fós ar siúl.