Fuair Pieta House 99,000 glaonna agus téacsanna géarchéime anuraidh


FUAIR Pieta, carthanas náisiúnta na hÉireann um chosc ar fhéinmharú os cionn 99,000 glao agus téacs géarchéime, a léirigh a Thuarascáil Bhliantúil.
Léirítear sa tuarascáil don bhliain 2022 freisin gur sholáthair sé breis is 51,300 uair teiripe saor in aisce, agus fuair breis is 670 teaghlach tacaíocht dhíreach ó fhoireann Idirchaidrimh Méala Féinmharaithe Pieta.
Thug an tuarascáil suntas freisin do leibhéil arda daoine óga a bhí ag lorg tacaíochta in 2022. Leag Pieta béim freisin ar a thábhachtaí atá sé teagmháil a dhéanamh le fir óga a d’fhéadfadh a bheith i ngéarchéim, ach ar lú an seans go lorgóidh siad cabhair.
Mar fhreagra ar an éileamh méadaitheach ar a chuid seirbhísí, mhéadaigh Pieta uaireanta teiripe beagnach 7% in 2022, tar éis dó teiripeoirí breise agus foireann tacaíochta cliniciúil a earcú i rith na bliana.
Dúirt Stephanie Manahan, Príomhfheidhmeannach Pieta: "Leanamar le leibhéil arda daoine óga ag lorg ár gcabhair in 2022, bhí 36% dár gcliaint faoi 18, bhí 56% faoi 25 agus 71% faoi 35, mar sin is léir go raibh dúinn go bhfuil gá le fócas breise go náisiúnta ar mheabhairshláinte daoine óga.
"Ba mhná iad tromlach na ndaoine a lorg ár gcabhair in 2022 (63%), rud a chuir béim ar an ngá atá le leanúint ar aghaidh ag dul i dteagmháil le fir, agus fir níos óige go háirithe, a d'fhéadfadh a bheith i ngéarchéim ach is lú an seans go lorgóidh siad cabhair."
Meastar go bhfuil riosca ard ag 60% de na cliaint, agus tá an chuid is mó ag dul i ngleic lenár seirbhísí le smaoineamh féinmharaithe, agus rinne 34% iarracht ar fhéinmharú cheana féin.
Déanann comhairleoirí cáilithe Pieta sainfheidhmiú ar fhéinmharú a chosc agus dul i ngleic le féindochar. Tá ionaid ag an gcarthanas ar fud na tíre agus tá Líne Chabhrach Ghéarchéime Saorghlao Pieta oscailte 24/7. Cuirtear na seirbhísí go léir ar fáil saor in aisce agus ní gá atreorú.
Má tá tú i ngéarchéim, is féidir leat dul i dteagmháil le Líne Chabhrach Géarchéime Pieta ar 1800 247 247 nó téacsáil CABHAIR chuig 51444.
