Fuair 14 duine bás ar bhóithre na hÉireann le linn tréimhse na Nollag

Dúradh go bhfuair ceithre dhuine dhéag bás ar bhóithre na hÉireann le linn tréimhse na Nollag.

De réir eolais ó Ard Cheannfort an Bhiúró Náisiúnta an Gharda Síochána um Póilíniú Bóithre, Jane Humphries, fuair níos lú daoine bás ar bhóithre na hÉireann le linn tréimhse na Nollag i 2023, i gcomparáid le 2022, ach dúirt sí nár mór an moladh é sin. 

Dúirt sí go mbíonn bástaí agus gortaithe ar na bóithre i gcónaí ina ábhar buairimh. 

Dúradh chomh maith gur gabhadh 818 duine de bharr go raibh amhráis ann go raibh siad ag tiomaint faoi thionchar an óil nó drugaí. De réir an tréimhse úd - sin duine gach haon uair. 

Dúradh chomh maith gur duine a bhí ag tiomaint faoi thiochar drugaí a bhí i 25% dóibh seo a gabhadh. 

Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice