Fógraítear €20m do na Gaeltachtaí agus chun an Ghaeilge a chur chun cinn


Cabhróidh an maoiniú leis na healaíona, gnólachtaí, tuismitheoirí agus daoine óga
D’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD agus Aire Stáit na Gaeltachta, Patrick O’Donovan TD pacáiste maoinithe suntasach don Ghaeilge sa phobal, mar aon leis na healaíona teangabhunaithe, gnólachtaí, tuismitheoirí agus daoine óga sa Ghaeltacht.
Sheol na hAirí an Straitéis do na hEalaíona Teangabhunaithe inniu chomh maith le pacáiste airgeadais de bheagnach €10m le tús a chur lena feidhmiú.
San áireamh sa phacáiste seo, tá maoiniú cheithre bliana de luach €5.78m ceadaithe do Thaibhdhearc na Gaillimhe don tréimhse 2024 go 2027 chomh maith le €4.085m d’Oireachtas na Gaeilge dá bPlean Gníomhaíochta Náisiúnta chun ealaíona teangabhunaithe na Gaeilge a fhorbairt, a threisiú agus a chur chun cinn timpeall na tíre sa tréimhse 2024-2027.
Anuas air sin, tá allúntas €5.445m ceadaithe don eagraíocht Tuismitheoirí na Gaeltachta chun a clár oibre agus a leathnú amach sa tréimhse 2024 go 2026.
Tá maoiniú os cionn €1.9m fógartha d’Údarás na Gaeltachta chomh maith do Chlár Tacaíochta nua chun an Ghaeilge a spreagadh i measc gnólachtaí Gaeltachta sna hearnálacha seirbhíse, miondíola agus fáilteachais agus tá €3.734 milliún curtha ar fáil do Chomhar Naíonraí na Gaeltachta chun seirbhísí luathbhlianta a chur ar fáil sa Ghaeltacht.