Fógraíodh beagnach €390,000 de mhaoiniú do 10 dtionscadal ar oileáin amach ón gcósta


i measc na dtionscadal tá feabhsuithe ar pháirceanna súgartha agus áiseanna spóirt, agus tacaíocht le tionscnaimh iompair oileánda
Tá beagnach €390,000 fógartha ag an Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary, i maoiniú do Bheart 3 de chlár CLÁR 2024.
Bainfear úsáid as an maoiniú chun áiseanna agus taitneamhachtaí pobail a fhorbairt agus a fheabhsú ar fud ár n-oileáin amach ón gcósta.
Bainfidh 8 n-oileán amach ó chósta Chorcaí, Dhún na nGall, na Gaillimhe agus Mhaigh Eo leas as CLÁR. Áireoidh an maoiniú feabhsuithe ar áiseanna spóirt agus ionaid phobail, agus feabhsú spásanna súgartha. Tá tacaíochtaí á gcur ar fáil freisin do bhainistiú dramhaíola agus do bhonneagar iompair na n-oileán.
I measc na dtionscadal atá á dtacú tá:
- Oileán Arcáin, Corcaigh - Ceannach bus hibrideach chun tacú le struchtúr iompair tuaithe an Oileáin - €78,651.
- Oileán Gabhla, Dún na nGall - Foscadh snámha ag Cé Oileán Gabhla - €10,350
- Inis Mór, Gaillimh - Deisiúchán agus uasghrádú ar threalamh clóis - €50,000
- Inis Toirc, Maigh Eo - Tarracóir pobail agus forcardaitheoir chun iompar earraí agus soláthairtí a éascú - €50,000
- Oileán Béarra, Corcaigh – Gineadóir a cheannach don ionad pobail
Agus na tionscadail rathúla á bhfógairt aige, dúirt an tAire Calleary:“Tá lúcháir orm na tionscadail rathúla seo a fhógairt inniu faoi CLÁR. Is príomhthosaíocht domsa agus don Rialtas seo tacú le pobail na nOileán. Tá an-áthas orm na hinfheistíochtaí seo a fheiceáil a chuirfidh tuilleadh le caighdeán na beatha dóibh siúd atá ina gcónaí ar ocht gcinn dár n-oileáin amach ón gcósta.
"Fáiltítear go mór roimh fheabhsuithe ar shaoráidí pobail agus ar thionscnaimh iompair mar aon le bearta bainistithe dramhaíola. Tá maoiniú ar fáil freisin chun gineadóir a cheannach in ionad pobail oileánda a bheidh, mar atá feicthe againn le seachtainí beaga anuas, ina acmhainn thábhachtach amach anseo.
Molaim na grúpaí pobail agus deonacha atá taobh thiar de gach ceann de na tionscadail seo as a dtiomantas leanúnach maidir le feabhas a chur ar chaighdeán maireachtála gach duine ar ár n-oileáin. Trí scéimeanna cosúil le CLÁR, úsáidfidh mé mo théarma mar Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus na Gaeltachta chun tacaíocht a thabhairt daoibh a oiread agus is féidir chun pobail oileáin inbhuanaithe agus bhríomhara a chruthú.”
Dúirt an tAire Stáit um Fhorbairt Pobail, Carthanas agus Iompar Tuaithe, Jerry Buttimer: “Leis an bhfógra maoinithe seo inniu faoi bheart Oileáin chlár CLÁR 2024, bainfidh ocht gcinn dár n-oileáin amach ón gcósta tairbhe as tionscadail éagsúla ó bhonneagar áineasa go seirbhísí iompair chun cabhrú le bainistiú dramhaíola.
“Leanann clár CLÁR de thacaíocht a thabhairt do phobail agus táim ag tnúth go mór leis na tionscadail nua seo a fheiceáil á gcur i gcrích.”
Tá liosta iomlán na dtionscadal rathúla a fógraíodh faoi Bheart 3 - Ár nOileáin ar fáil ag an nasc seo.