Foghlaimeoir le dul na cúirte tar éis dó iarracht a dhéanamh éalú ó ghardaí


Ag gnáthsheicphointe, thug na gardaí faoi deara go raibh carr ag bogadh go tapa ón seicphointe, rud a spreag iad é a leanstan.
Tar éis tréimhse ghairid, d'éirigh le hAonad Póilíneachta Bóithre an Náis an fheithicil a stopadh. Chonacthas do ghardaí go raibh an tiománaí ag tiomáint ar cheadúnas foghlaimeora gan duine a bheith leo sa charr agus gan L-Plátaí ar an charr.
D’urghabh Gardaí an fheithicil.
Dúirt urlabhraí de chuid an Gharda go mbeidh an foghlaimeora ag dul ós comhair na cúirte.