Fleá filíochta in leabharlann an dá bhealach i mBaile Féich agus Srath an Urláir

Laoighseach Ní Choistealbhaplaceholder image
Laoighseach Ní Choistealbha

Beidh na filí Colette Ní Ghallchóir, Dubhán Ô Longáin agus Laoighseach Ní Choistealbha i láthair le léamh agus le labhairt leis an lucht féachána

Beidh triúr filí as Dún na nGall, Dubhán Ô Longáin, Laoighseach Ní Choistealbha agus Colette Ní Ghallchóir ag léamh roint dánta as na saothair is deireanaí acu i leabharlann an dá bhaile i mBaile Féich agus Srath an Urláir. 

Is ar an chéad lá de mhí Mhárta idir a 7.30 agus an 9 a chlog a bheas an imeacht ar siúl.

Is í Áine Ní Bhreisleáin, láithreoir aitheanta le RTÉ Raidió na Gaeltachta a bheas i mbun na hócáide. Beidh deis ag an lucht éisteachta ceisteanna a chur faoi na dánta agus faoin fhilíocht agus beidh na cnuasaigh dánta ar fáil le ceannach ar an oíche.

I ndiaidh na fleá filíochta beidh Preab-Ghaeltacht le ceol in óstán an Villa Rose ón 9 a chlog ar aghaidh. 

Beidh fáilte ró cheoltoirí agus chách chuig na hócáide.

Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice