Féile úr An Focal Beo ag teacht go Leitir Ceanainn

Bairbre Uí Chathail,  Cathal Mac Grianna, Derval Newman agus Joe Ó Ceallaighplaceholder image
Bairbre Uí Chathail, Cathal Mac Grianna, Derval Newman agus Joe Ó Ceallaigh

"Tá muid ag iarraidh an fuinneamh agus an borradh atá faoin Ghaeilge a cheiliúradh le daoine" - Comhordaitheoir Pleanála Teanga le Líonra Leitir Ceanainn, Bairbre Uí Chathail

Tá féile úr nua ag teacht go Leitir Ceanainn, An Focal Beo ina ndéanfar ceiliúradh ar an Ghaeilge mar

theanga shaibhir a nascann go smior le béaloideas, filíocht, fealsúnacht, amhráin, oidhreacht, stair,

miotaseolaíocht, cruthaitheacht agus féin-ionannas na ndaoine.

Dúirt Comhordaitheoir Pleanála Teanga le Líonra Leitir Ceanainn, Bairbre Uí Chathail: “Tá muid ag iarraidh an fuinneamh agus an borradh atá faoin Ghaeilge a cheiliúradh le daoine agus cuireadh a thabhairt dóibh dul i ngleic le hamhránaíocht, scéalaíocht, cruthaitheacht agus filíocht. Tá muidne chun léiriú cé chomh beo beathach is spleodrach agus atá an Ghaeilge agus pobal na Gaeilge.”

Mar chuid den fhéile beidh sleachta ó fhilí Thír Chonaill, Eithne Ní Ghallchobhair, Dubhán Ó

Longáin, Máire Dinny Wren agus Sam Ó Fearraigh ar taispeáint ar phóstaeir mhóra i bhfuinneoga

gnólachtaí agus eagraíochtaí an bhaile idir 5 – 13 Bealtaine.

Cuirfear dúshlán roimh an phobal na sé phóstaer déag a aimsiú agus sonraí na háite ar aimsigh siad iad a chur isteach chugainn chun a bheith san iomaíocht le duais €100 a bhaint. Tá sonraí le fáil ar www.lionralc.ie.

Tá cód QR ar gach póstaer fosta chun rochtain a fháil ar na dánta iomláine ar an suíomh gréasáin.

Beidh Béile na Féile ar siúl ar an Aoine, Bealtaine 5 agus sí Gearóidín Breathnach a bheas mar aoi speisialta. Beidh seisiún scéalaíochta agus amhránaíochta i ndiaidh an bhéile.

Beidh ceardlann scríbhneoireachta ar siúl ar an Satharn, Bealtaine 6 a bheas oiriúnach do dhaoine ar mhaith leo tabhairt faoin scríbhneoireacht agus deis a bheith acu foghlaim ó bheirt údar foilsithe den scoth – Réaltán Ní Leannáin agus Dubhán Ó Longáin.

Caithfear áit a chur in áirithe don dá imeacht seo agus is féidir é sin a dhéanamh ag oifig Líonra Leitir Ceanainn, 7 Sráid an Chaisleáin nó ar 086 0751663 nó ar [email protected].

Beidh an scannán An Cailín Ciúin ar siúl sa phictiúrlann Dé Céadaoin, Bealtaine 10 ar 8 agus tá ticéid

ar chostas €5 ar fáil ar Eventbrite nó ón oifig.

Beidh deis ag daoine, ar mhaith leo, teacht le chéile sa Backstage Bar agus Grill ina dhiaidh fá choinne chomhrá agus comhluadar. Beidh seisiúin scéalaíochta éagsúla ar siúl i scoileanna an bhaile, Teach Altranais Naomh Adhamhnáin agus An Líonra Náisiúnta Foghlama le linn na féile mar aon le ceardlann slám filíochta le Dubhán Ó Longáin do dhaltaí Rang 6 sa Ghaelscoil fosta agus comórtas Abair Amach do pháistí bunscoile.

Beidh ceardlann do theaghlaigh ar siúl maidin Dé Sathairn, Bealtaine 13 ina mbeidh deis acu mála scéalaíochta bunaithe ar an leabhar Rita agus an Dragún le Myra Zepf a dhéanamh. Tá costas €5 ar an cheardlann seo agus caithfidh teaghlaigh, a bhfuil caighdeán measartha Gaeilge acu, clárú roimh ré le Líonra Leitir Ceanainn 086 0751663 nó ar [email protected].

Is féidir tuilleadh sonraí faoin fhéile seo, An Focal Beo, a aimsiú ar https://www.lionralc.ie

Tá an fhéile seo maoinithe go príomha ag Scéim na bhFéilte de chuid Fhoras na Gaeilge.

Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice