Féile Thoraí agus Féile Jimmí Mhairí Bhillí

Beidh go leor craic ar oilean Thoraí le linn an féile

Beidh Féile Thoraí agus Féile Jimmí Mhairí Bhillí ar siúl ar oileán Thoraí ón 26ú go 28ú Bealtaine. 

Ar an Aoine, seolfar leabhar, Dhá Leagan Déag: Léargais Nua ar an Sean-Nós & 'Traidisiún Ceoil Thoraí' i ngailearaí Dixon. Beidh oíche airneáil ina dhiaidh agus neart ceoil le cluinstin ó na hamhránaithe a bheas i láthair. 

Ar an Satharn, beidh ceardlanna san amhránaíochta sa tsean-nós don aos óg agus dó dhaoine óga ar siúl. Beidh comórtais amhránaíochta ar siúl ina dhiaidh. Bígí i láthair san óstán do oíche cheoil agus amhránaíochta le Mairtín Ó Dubhgáin agus a chairde ar an Satharn. Tiocfaidh deireadh leis an chraic agus an cheol ar an Domhnach. Níos mó eolais ar na meáin shosíalta.  

Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice