Fear uasal a bhí an ceol go smior ann imigh ar shlí na firinne

Fuair Seán Ó Beirne, Seán Chon Johnny mar ab fhearr aithne air bás maidin Dé Sathairn
Fuair Seán Ó Beirne, Seán Chon Johnny mar ab fhearr aithne air, as an Atharach, Teileann, bás tobann, maidin Dé Sathairn, Aibreán 22.
Cailliúint mhór é dá thriúr deirfiúracha, Máire, Eileen agus Anna Bella (Norah), a dheartháir céile William, a neacht Aisling agus a bheirt nianna John agus Liam chomh maith le neart gaolta, comharsan agus cairde.
Beidh faire ina theach cónaithe ó thráthnóna Dé Céadaoine, 2in.
Cuirfear é i Reilig na Carraige, Dé hAoine, Aibreán 28ú, i ndiaidh Aifreann a 12 i dTeach Pobail na Carraige.