Fear san ospidéal tar éis dó a bheith sáite i mBarra an Teampaill


Tugadh fear ina 20idí chuig an ospidéal
Tá fear san ospidéal i ndiaidh dó a bheith sáite i mBarra an Teampaill, Baile Átha Cliath, oíche Déardaoin.
Tharla an eachtra thart ar 9.20in Déardaoin, 11 Eanáir, ar Shráid Fishamble in aice le hArdeaglais Christchurch.
Gortaíodh an fear ina 20idí agus tugadh go hOspidéal San Séamas é. Tuigtear nach bhfuil sé i mbaol báis.
Dúirt urlabhraí de chuid na ngardaí go bhfuil imscrúduithe a dhéanamh i láthair na huaire agus d’impigh sé ar aon duine a bhfuil eolas acu teagmháil a dhéanamh le Stáisiún Shráid Chaoimhín ar 01 666 9400 nó Líne Rúnda na ngardaí ar 1800 666 111.