Fear marbh tar éis imbhualadh ar bhóthar i gcontae an Chabháin

placeholder image

Fógraíodh go raibh gluaisrothaí fireann marbh ar an láthair

TÁ AN gluaisrothaí, fear ina 40idí, marbh tar éis imbhualadh bóthair ar bhóthar i gcontae an Chabháin.

Tharla an timpiste thart ar 3.10in Dé Máirt, Eanáir 2, 2024 ar an bpríomhbhóthar idir an Cabhán agus Béal Átha na nEach (N55) ag Corlurgan i gContae an Chabháin.

Tá an N55 ag Corlurgan dúnta agus atreoruithe áitiúla curtha i bhfeidhm. Táthar ag súil go bhfanfaidh an bóthar dúnta thar oíche agus go maidin amárach, Dé Céadaoin, Eanáir 3, 2024.

Tá scrúdú le déanamh ar an láthair. Tá gardaí ag achainí ar aon fhinnéithe teacht chun tosaigh.

Iarrtar ar aon úsáideoir bóthair a bhféadfadh píosaí scannáin ceamara a bheith acu (lena n-áirítear dash-cam) agus a bhí ag taisteal ar an N55 i gceantar Chorlurgan idir 3in agus 3:30in Dé Máirt, 2 Eanáir, 2024 an scannán seo a chur ar fáil do na gardaí.

Iarrtar ar aon duine ag a bhfuil aon eolas dul i dteagmháil le stáisiún gardaí an Chabháin ar 049 4368800, líne rúnda na nGardaí ar 1800 666 111, nó le haon stáisiún garda.

Related topics:
Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice