Fear ina 50idí marbh ag láthair eachtra i mBaile Átha Cliath
FÓGRAÍODH go raibh fear ina 50idí básaithe ag láthair eachtra a tharla i gCluain Dolcáin.
Fuair Gardaí tuairisc ar thimpiste mharfach san ionad oibre a tharla in áitreabh i gCluain Dolcáin, Co Bhaile Átha Cliath ag thart ar 7:50in inné, 5 Deireadh Fómhair.
Tá corp an fhir bainte den láthair agus beidh scrúdú iarbháis ar siúl níos déanaí.
Cuireadh an tÚdarás Sláinte agus Sábháilteachta ar an eolas faoin ábhar seo agus bhí siad in ann freastal ar an láthair chun scrúdú a dhéanamh.