Fear ciontaithe díbeartha go Poblacht Dhaonlathach an Chongó


Gearrtar pianbhreith choimeádta ar Chico Makamda
Tá fear le 19 gciontú díbeartha go Poblacht Dhaonlathach an Chongó.
D’éirigh le Gardaí Chico Makamda a ionnarbadh go Poblacht Dhaonlathach an Chongó Dé hAoine, 7 Meitheamh.
Gearradh pianbhreith coimeádta air i bPríosún Lár na Tíre mar gheall ar mhainneachtain fógra a thabhairt faoi athrú sonraí de shárú ar an Acht um Chiontóirí Gnéis 2001.
Anuas ar sin, tá naoi gciontú déag taifeadta aige sa stát as cionta iomadúla gnéis, príosúnú bréagach agus gadaíochta.