FÉACH: Díríonn an fhilíocht is déanaí ó Gabriel Rosenstock ar thírdhreacha na Caismíre

placeholder image

Is dánta 5 líne iad 'haiku' i dtraidisiún Seapánach, an fhoirm filíochta is sine ar domhan

Tá sraith nua 'haiku' eisithe ag an scríbhneoir agus file Éireannach, Gabriel Rosenstock, a bhaineann le saothar péintéir.

Tá na pictiúir, cruthaithe ag Massod Hussain, agus na dánta spreagtha ag tírdhreacha na Caismíre. Is dánta 5 líne iad 'haiku' i dtraidisiún Seapánach, an fhoirm filíochta is sine ar domhan.

Tá aitheantas domhanda bainte amach ag Masood Hussain mar mháistir-dhréachtóir agus mar dhathadóir torthúil.

Anuas ar sin, i 2019, chun 150 bliain ó rugadh Mahatma Gandhi a chomóradh, chomhoibrigh Gabriel Rosenstock, agus an t-ealaíontóir Caismíris, Masood Hussain, ar leabhar dar teideal 'Walk with Gandhi: Bóthar na Saoirse'.

Féach ar an bhfíseán thuas chun an saothar a fheiceáil.

Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice