FÉACH: Clár a thugann léargas duinn ar an aois - Bláth na hAoise ar TG4

Clár nua faisnéise a chaitheann súil ar an saol in ionad cúraim áitiúil do dhaoine aosta á chraoladh ar TG4

Is clár faisnéise úrnua é Bláth na hAoise a cheiliúrann an saol atá ag na daoine aosta atá ag maireachtáil in Ionad Cúraim Lae na nDéise i nDún Garbhán.

Craolfar é ar TG4 ar an 1ú Samhain ag 9.30pm.

Thar thréimhse cúig bliana a rinneadh an taifeadadh, agus é mar aidhm ag an tionscnamh croí agus anam an phobail a léiriú, chomh maith leis na dúshláin atá ann do dhaoine aosta sa lá atá inniu ann. Le scannánaíocht atá macánta agus pearsanta, scrúdaímid téamaí mórchúiseacha amhail beatha is bás, agus faitíos roimh dul in aois, chomh maith le heachtraí gealgháireacha amhail rince, péinteáil agus cóiriú gruaige.

Léiriúchán de chuid Red Shoe Productions é seo do TG4, stiúrtha ag Maggie Breathnach, a bhfuil gradam IFTA buaite aici dá cuid saothair cheana. Deir Maggie Breathnach gur “thosaigh an tionscnamh seo in Earrach na bliana 2016, mar cheiliúradh ar dhaonra na tíre a bhí ag dul in aois, le go bhfeicfimis iad ar an scáileán - daoine a scinnfeá tharstu is tú amuigh ag siopadóireacht de ghnáth. Tá cuid mhaith acu ar an nglúin dheireanach de chainteoirí dúchais Gaeilge na nDéise, agus ba chóir go mbeadh deis acu a scéalta a insint. Rugadh is tógadh mise sa Rinn, agus táim an-mhórálach as an méid atá léirithe agam le criú agus foireann áitiúil i mo theannta. Bímid ag obair as lámh a chéile agus tallann nua á cothú againn agus deiseanna á dtabhairt chomh minic agus is féidir."

Is í Carrie Crowley a rinne an tráchtaireacht, agus chum Mark Murphy fuaimrian úrnua ceoil. Tugann Ionad Cúraim Lae na nDéise deis ar leith don ghlúin chríonna caidreamh sóisialta a bheith acu lena chéile. Tá an t-Ionad ar oscailt cúig lá sa tseachtain agus é faoi stiúir ag bainisteoir díograiseach, Margaret Coffey, agus a foireann d'oibrithe deonacha.

Sa scannán seo castar a lán carachtar orainn le scéalta nua mealltacha. Tá cuid acu sin caillte ó shin ach tá a scéalta fite go dlúth sa scannán i gcónaí. B'éigean scannánaíocht a chur ar athló ar feadh an dá bhliain mar gheall ar Covid, agus bhí dúshláin eile le sárú, ach níor chailleamar riamh an misneach.

Léiríonn an scannán seo an cion atá ag an bhfoireann agus na baill ar a chéile, agus mar a thugann siad uchtach dá chéile nuair is gá an fód a sheasamh. 

Léiríodh Bláth na hAoise i gcomhar le TG4, Coimisiún na Meán, An Oifig Ealaíne - Cathair & Contae Phort Láirge, Éire Ildánach, agus Ionad Cúraim Lae na nDéise.

Related topics:
Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice