FÉACH: Carr gharda ar lasadh le linn oíche fhoréigneach i mBaile Átha Cliath

Video footage of the burning garda car has been shared on social media | PICTURES: X/@adrianwecklerplaceholder image
Video footage of the burning garda car has been shared on social media | PICTURES: X/@adrianweckler

CUIREADH carr gharda tré thine i lár chathair Bhaile Átha Cliath le linn oíche fhoréigneach i ndiaidh gur tharlaigh ionsaí a d’fhág gortuithe tromchúiseacha ar dhaoine, páistí óga ina measc.

Creidtear freisin go ndearnadh ionsaí fisiceach ar gharda amháin ar a laghad le linn na trioblóide ar Shráid Uí Chonaill agus Chearnóg Parnell Thoir aréir.

Rinneadh bruscár agus ábhair eile a chaitheamh ar ghardaí.

Taispeánann scannáin ag iriseoir an Irish Independent Adrian Weckler ar na meáin shóisialta fear ag caitheamh cochaill agus clúdach aghaidhe agus é ag iompar bosca ar lasadh agus á chur isteach i gcairr an Gharda Síochána.

Ag labhairt dó ag cruinniú faisnéise do na meáin tráthnóna Déardaoin seo, dúirt Coimisinéir an Gharda, Drew Harris, go raibh na agóidí “náireach”.

Related topics:
Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice