FÉACH: Cailín óg a tarrtháil ón bhfarraige reo le linn Stoirm Kathleen

placeholder image

Dún Laoghaire Coast Guard rescued the young girl from the water on Saturday evening

Tarrtháladh leanbh ón bhfarraige in aice le Dún Laoghaire le linn Stoirm Chaitlín in oibríocht ilghníomhaireachta a bhain leis an nGarda Cósta.

Dheimhnigh an Garda Cósta agus gardaí do RTÉ go raibh baint acu leis an eachtra a tharla thart ar 8.20pm oíche Dé Sathairn amach ón gcé thoir i nDún Laoghaire.

Tugadh an leanbh go dtí an t-ospidéal le go gcuirfí cóir leighis uirthi dá gortuithe ar cuireadh síos orthu mar ghortuithe nach raibh bagrach don bheatha.

Ní fios cad é mar a tháinig an leanbh san uisce, ach tuairiscíodh go raibh tonnta arda sa cheantar ag an am.

Creidtear go ndearna roinnt ball den phobal iarracht dul isteach san uisce chun an cailín a tharrtháil sular tógadh ar bord bád tarrthála RLNI í.

Chuir Garda Cósta Dhún Laoghaire le fios ar na meáin shóisialta gur thángthas ar an leanbh agus gur tugadh chuig an ospidéal é.

"Meas an t-uisce!" d’áitigh siad.

Bhí rabhadh gaoithe Stádas Buí ann don tír ar fad ag an am.

Related topics:
Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice