Fáilte roimh bhua thairiscint na hÉireann maidir le EURO 2028 a chomhóstáil

UPDATE: Ireland and UK in strong position to host Euro 2028placeholder image
UPDATE: Ireland and UK in strong position to host Euro 2028

D'FHÁILTIGH Catherine Martin T.D., an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, agus Thomas Byrne T.D., an tAire Stáit don Spórt agus don Chorpoideachas, roimh fhógra UEFA go n-óstálfaidh Éire agus an RA Craobhchomórtas EURO 2028 UEFA.

Tar éis cruinniú de Choiste Feidhmiúcháin UEFA ag a cheanncheathrú i Nyon, san Eilvéis, bronnadh Comórtas 2028 ar chomhpháirtíocht uathúil agus cheannródaíoch idir cúig chumann peile in Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe. 

Óstálfaidh Éire an comórtas i gcomhpháirt leis an RA agus tabharfar deis iontach ann chun Éire agus ár dtairiscint turasóireachta den scoth a thaispeáint don Eoraip agus don domhan mór. Tugann bronnadh an chomórtais ar Éirinn agus ar an RA luach saothair as an gcomhoibriú dian Thuaidh-Theas agus Thoir Thiar in ullmhú agus i gcur i láthair na tairisceana.

Tugtar deis iontach ann do chách chomh maith tógáil ar an gcomhpháirtíocht sin chun comórtas tábhachtach a sheachadadh do phobail ar fud na hÉireann agus an RA.

Tar éis comhoibrithe nach bhfacthas riamh cheana idir cumainn peile, comhpháirtithe rialtais, cathracha, staideanna agus páirtithe leasmhara eile ar fud na hÉireann agus an Ríocht Aontaithe, beidh sé seo ar an imeacht spóirt is mó a bhí againn le chéile riamh. Beidh sé ar an imeacht spóirt idirnáisiúnta aonair is mó a reáchtálfar in Éirinn freisin.

Oibreoidh an Rialtas leis an FAI agus comhpháirtithe eile chun a chinntiú go n-uasmhéadófar na tairbhí do chách agus chun an comórtas seo a dhéanamh ar an gceann is inbhuanaithe agus is cuimsithí riamh ar na hoileáin seo.

Le linn EURO2028 cruthófar tairbhí sóisialta agus eacnamaíocha fiúntacha do na pobail go léir a bheidh páirteach ann, meallfar níos mó imreoirí, leantóirí agus oibrithe deonacha ar fud ár dtíortha agus spreagfar iad chun páirt a ghlacadh sa spórt. 

Related topics:
Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice