Fáilte á chur ag comhaltas na mac léinn roimh iarratais ar an gCiste Bliantúil Carthanachta

placeholder image

Tá Comhaltas na Mac Léinn, Ollscoil na Gaillimhe ag glacadh le hiarratais anois ó Charthanais ar mian leo a n-ainm a chur chun tosaigh le haghaidh an fheachtais bhliantúil tiomsaithe airgid do 2023/24.

I measc na n-imeachtaí a d’eagraigh mic léinn anuraidh bhí Crannchur Ollmhór na Nollag, Oíche Taylor Swift, Biongó Gnéasbhréagán, Take Me Out ar son carthanachta, tráth na gceist, Rás Draig agus Lá Spórt. Bhailigh siad €19,000 d’Ionad Éigeandála na Gaillimhe um Éigniú agus do Chlann Shíomóin na Gaillimhe. 

Tá foirmeacha iarratais ar an gciste le fáil ó láithreán gréasáin Chomhaltas na Mac Léinn, www.su.nuigalway.ie, agus ní mór iarratais a chur isteach faoi 5 i.n., Dé Luain, an 28 Lúnasa 2023. Tabhair faoi deara go ndéanfar do charthanas a dhícháiliú go huathoibríoch má dhéantar aon iarracht canbhasáil ar a shon. 

Dúirt Dean Kenny, Uachtarán Chomhaltas na Mac Léinn: “Tá traidisiún na carthanachta go smior i mic léinn Ollscoil na Gaillimhe d’ainneoin na gciorruithe uile agus na ndúshlán a bhíonn le sárú acu gach uile lá. Tá súil againn níos mó airgid ná riamh a bhailiú i mbliana ar son cúiseanna maithe trínár n-imeachtaí Carthanachta, An tSeachtain um Bailiú agus Bronnadh ina measc. Spreagfaidh na himeachtaí seo ár gcuid mac léinn lena gcion féin a dhéanamh ar son a bpobal, chomh maith le cairde nua a dhéanamh agus spraoi a bheith acu ag an am céanna.” 

Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice