€1.2 billiún chun cabhrú leis an ngéarchéim costais mhaireachtála

29% of all Irish households now estimated to be living in energy poverty, the highest recorded rateplaceholder image
29% of all Irish households now estimated to be living in energy poverty, the highest recorded rate

Mar thoradh ar an easpa airgid atá ag daoine i láthair na huaire, tá pacáiste €1.2 billiún comhaontaithe ag an Rialtas le cuidiú le daoine atá ar an ganchuid. 

Tagann an pacáiste sé seo sa bhreis ar leithdháiltí bhuiséad 2023.

Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar go gheobhaidh teaghlaigh le leanaí €100 breise i mí an Mheithimh, agus go mbeidh méadú aonuaire de €100 ar an liúntas éadaí agus coisbhirt don scoilbhliain nua i mí Iúil. Idir an dá linn leathnófar le clár na béilte scoile scoileanna DEIS ó mhí Mheán Fómhair a rachfas chun tairbhe do 64,500 leanbh.

"Íocfar an dara shuim de €200 i mí Aibreáin le daoine ar íocaíocht teaghlaigh, tuismitheoirí aonair, teaghlaigh ar teacht isteach íseal, cúramóirí, iad siúd ar íocaíochtaí míchumais, agus pinsinéirí i measc daoine eile."

Dúirt an tAire Eamon Ryan go bhfuil ardú mór tagtha ar phraghsanna mar gheall ar chugadh na hÚcráine ach is léir go bhfuil sé thar a bheith deacair ag daoine áirithe faoi láthair. Tá sé ceart go mbeadh leanaí, teaghlaigh agus iad siúd atá ag brath ar íocaíochtaí leasa shóisialaigh mar fhócas sa bhabhta seo.

"Bhí sé geallta ag an Rialtas go gcabhródh muid le daoine na costais ardaithe seo a shárú agus sin go díreach atá á dhéanamh againn." Cabhróidh na cinntí seo a ghlactar inniu le himní go leor teaghlach agus daoine atá i mbun gnó a mhaolú.

Related topics:
Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice