Béal na Péiste le seoladh sa Cheathrú Póilí i mBéal Feirste

placeholder image

Bhuaigh Fionntán de Brún an chéad áit leis an leabhar Béal na Péiste i gcomórtas úrscéalaíochta Oireachtas na Gaeilge

Is sa Cheathrú Póilí i mBéal Feirste a bheas seoladh leabhar Béal Na Péiste le Fionntán de Brún. 

Beidh an imeacht ar siúl ar Aibreán 1, ag 1in. Is í Caitlín Nic Íomhair a dhéanfaidh an seoladh oifigiúil.

Is Cló Iar Chonnacht a d'fhoilsigh an leabhar. 

Bhain an ollamh le Nua-Ghaeilge in Ollscoil Mhá Nuad an chéad áit leis an nua-shaothar i gcomórtas úrscéalaíochta Oireachtas na Gaeilge ar na mallaibh. 

Anna Heussaff a fuair an dara duais dá saothar Faoi Smacht.

Ailbhe Ní Ghearbhuigh a bhuaigh duais filíochta na bliana seo dá cnuasach Tonn Teaspaigh agus Dánta Eile. Bhuaigh an file as Trá Lí an duais don dán is fearr chomh maith le ‘Litir ó Barcelona.’

Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice