Anamnesis le Síle Denvir a sheoladh Dé hAoine

placeholder image

Naoi n-amhrán sean-nóis atá ar an albam - amhráin a théann go croí an cheoltóir

Beidh albam úr le Síle Denvir,  ‘Anamnesis,’ ag teacht amach Dé hAoine seo, Márta 31ú. Naoi n-amhrán sean-nóis atá ar an albam agus is amhráin iad atá an-ghar dona a croí.

Dúirt sí ar na meáin shosíalta: "Bím ag smaoineamh go minic ar an mbrí atá leis na hamhráin seo, agus ní ar bhrí na filíochta amháin, ach ar an mbrí mhothaitheach anamúil atá leo don té a chasann agus don té a chloiseann. Tá cuimhne agus athchuimhne, chomh maith le tuiscintí dúchasacha ar nádúr agus ar mhianach an duine, sna hamhráin agus cuimsíonn an coincheap ‘Anamnesis’ an mothú sin domsa."

Is cinnte go mbeidh ráchairt ar shaothar úr Shíle.

Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice