Eisíonn gardaí achainí faoi dhéagóir 15 bliana d'aois atá ar iarraidh


TÁ CABHAIR á lorg ag gardaí ón bpobal le fáil amach cá bhfuil Stephen Boyle, 15 bliana d’aois a tuairiscítear a bheith ar iarraidh ó Burnfoot, Dé Máirt seo caite, 22 Lúnasa.
Cuirtear síos ar Stephen mar dhuine timpeall 5’6 ar airde, de mheán-thógáil le gruaig chothrom rua agus súile gorma.
Ní fios cad a bhí Stephen ag caitheamh nuair a chuaigh sé ar iarraidh.
Tá imní ar ghardaí faoi leas Stephen.
Iarrtar ar aon duine a bhfuil eolas aige/aici faoi cá bhfuil Stephen teagmháil a dhéanamh le Stáisiún Garda Leitir Ceanainn ar (074) 916 7100 nó Líne Rúnda na nGardaí ar 1800 666 111, nó le haon Stáisiún Garda.