Éire Eile le craoladh ar TG4

Scrúdaítear in Éire Eile, a chuirfidh Cóilín Collins, nó Shampain mar is fearr aithne air, i láthair, na fochultúir agus an saol a mbaineann aos óg na hÉireann sult astu in 2022

Seolfar sraith faisnéise nua mhalartach iontach, Éire Eile, ar TG4 ar Meitheamh 2. Scrúdaítear in Éire Eile, a chuirfidh Cóilín Collins, nó Shampain mar is fearr aithne air, i láthair, na fochultúir agus an saol a mbaineann aos óg na hÉireann sult astu in 2022 - beidh gach uile ní i gceist ó Hip Hap i Luimneach, Punc Aiteach i mBéal Feirste go dtí cispheil cathaoireacha rothaí i gCorcaigh agus Ealaíona Comhraic Eorpacha Stairiúla i nGaillimh. 

Sraith faisnéise é Éire Eile arna cur i láthair ag Cóilí Collins, nó Shampain mar is fearr aithne air, ina bhfiosraítear fochultúir na hÉireann - gach uile ní ó cheol leictreonach agus troid chlaímh ón mheánaois, go dtí punc aiteach agus cispheil cathaoireacha rothaí. Le linn 8 gclár, fiosróidh Shampain réimse de phobail agus na daoine, cumainn agus eagraíochtaí a chabhraíonn chun iad a fhorbairt agus a choinneáil ag imeacht. De réir mar atá an saol oibre agus sóisialta atá againn ag éirí níos cianda, léireofar in Éire Eile an méid a tharlaíonn nuair a thagann daoine le chéile le dul ag cruthú, ag dul san iomaíocht, le hiad féin a chur in iúl agus pléisiúr a bhaint as mianta a gcroí. Rachaidh Shampain ag fiosrú chogar mogar cultúir na hÉireann agus tabharfaidh sé léargas dúinn ar an gceiliúradh a dhéantar ar phobal, ar éagsúlacht agus ar uileghabhálacht. Arna léiriú ag Black Gate Productions.

Beidh gach clár d’Éire Eile le fáil ar Sheinnteoir TG4 agus ar YouTube TG4 ón Meitheamh 2.

Related topics:
Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice